Léim go dtí an t-ábhar
Fáiltíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas roimh cheapachán an Ollaimh Michael O’Flaherty mar an Coimisinéir nua um Chearta an Duine ag Comhairle na hEorpa, ceapachán a rinneadh ag Tionól Parlaiminteach (PACE) na heagraíochta ag a seisiún iomlánach in Strasbourg inné. Is institiúid neamhbhreithiúnach neamhspleách agus neamhchlaonta é an Coimisinéir um Chearta an Duine a bhunaigh Comhairle na hEorpa in 1999 chun feasacht agus meas ar chearta an duine a chur chun cinn sa 46 ballstát de Chomhairle na hEorpa; easnaimh a d’fhéadfadh a bheith sa dlí agus cleachtas a bhaineann le cearta an duine a shainaithint; agus gníomhaíochtaí institiúidí náisiúnta ombudóirí agus struchtúir chearta an duine eile a éascú. Bhí an tOllamh O’Flaherty ina Stiúrthóir ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus roimhe sin ina Ollamh le Dlí Chearta an Duine agus ina Stiúrthóir ar Ionad na hÉireann um Chearta an Duine ag Ollscoil na hÉireann, ina Phríomh-Choimisinéir ar Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine agus ina chomhalta de Choiste na Náisiún Aontaithe um Cheart an Duine. Dúirt Stiúrthóir an Choimisiúin, Deirdre Malone:
“Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an Ollamh O’Flaherty as a cheapachán – go háirithe mar gurb é an chéad Éireannach a ceapadh mar Choimisinéir um Chearta an Duine ag Comhairle na hEorpa. “Guímid gach rath air ina ról nua a thosóidh i mí Aibreáin, agus táimid ag súil le hoibriú leis agus muid ag cur bunchearta an duine chun cinn anseo agus san Eoraip.”
  CRÍOCH/