€64,000 bronnta ar ionadaí díolacháin oideachais
D’fháiltigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) roimh dhá chinneadh ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) i bhfabhar Mary Tracy, in aghaidh a hiarfhostóra Smurfit Kappa Ireland Ltd t/a the Educational Company of Ireland (‘EDCO’).
Chinn Kara Turner, Oifigeach Breithnithe WRC, gur theip ar EDCO cloí le reachtaíocht comhionannais fostaíochta i dtaobh freastal réasúnta a dhéanamh ar mhíchumas Mary Tracy, agus go ndearna an freagróir idirdhealú díreach uirthi i dtaobh a dífhostaithe. Bronnadh cúiteamh dar luach €64,000 san iomlán ar Mary Tracy. Sholáthair an Coimisiún ionadaíocht dhlíthiúil do Mary Tracy sa chás.
Tá riocht réamaiteolaíochta ar Mary Tracy ar a dtugtar Lúpas Eiritéimeach Sistéamach (SLE). Téann an míchumas seo i bhfeidhm ar a hailt den chuid is mó agus féadann pian a bheith uirthi i ndiaidh athstraidhneála. D’oibrigh Mary Tracy mar ionadaí díolacháin le EDCO, agus bhíodh uirthi líon mór leabhar a iompar isteach agus amach as scoileanna.
I ndiaidh measúnú sláinte ceirde, measadh go raibh Mary Tracy in ann oibriú le srian láimhsithe shábháilte 3kg ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad. D’iarr sí freastal áirithe chun cloí leis na moltaí sin, ar nós tralaí boscaí a úsáid nó leabhair a sheoladh chuig na scoileanna sular fhreastail sí orthu chun na leabhair a thaispeáint agus a dhíol. Mhol sí freisin go mb’fhéidir go mbeadh maoiniú ar fáil chun cabhrú le EDCO freastal réasúnta a dhéanamh.
Níor thriail ná níor fhiosraigh EDCO na modhanna freastail a moladh, agus ina áit sin thairg siad fógra deiridh do Mary Tracy glacadh le ról eile sa chuideachta, nó go ndífhostófaí í. Mhaígh Mary Tracy nach raibh an ról eile a tairgeadh di oiriúnach di, agus go raibh sí in ann tabhairt faoin ról a bhí aici ag an am ach freastal réasúnta a dhéanamh uirthi.
Chuir EDCO deireadh lena fostaíocht ar an 22 Lúnasa 2023 ar an mbunús gur chreid siad nach raibh sí in ann dualgais riachtanacha an róil a chomhlíonadh.
Chinn an tOifigeach Breithnithe Kara Turner gur theip ar EDCO na modhanna freastail réasúnta a bhí ar fáil dóibh a fhiosrú i gceart agus dúirt:
“Measaim gur iarmhairt aiféalach é an cás idirdhealaithe ar bhonn míchumais seo den easpa comhairliúcháin leis an ngearánach i dtaobh bearta oiriúnacha agus measúnú an fhreagróra nach raibh ról an ionadaí díolacháin oideachais indéanta ag an ngearánach níos mó.”Ní raibh sí sásta go raibh tuiscint shoiléir ag EDCO ar riachtanais Mary Tracy i dtaobh a míchumais, ná gur fhiosraigh EDCO bearta oiriúnacha do na riachtanais sin. Ba shárú ar chearta Mary Tracy faoin dlí comhionannais cinneadh EDCO nach raibh sí in ann dualgais ról an ionadaí díolacháin oideachais a chomhlíonadh, agus dífhostú idirdhealaitheach a bhí i ndeireadh a chur lena fostaíocht dá bharr. Dúirt Liam Herrick, Príomh-Choimisinéir IHREC:
“Tarraingíonn an cás seo aird ar dhualgais fostóirí plé lena bhfostaithe ar bhonn duine ar dhuine i dtaobh freastal réasúnta a dhéanamh ar mhíchumas san ionad oibre. Ní leor glacadh le cur chuige “a oireann do chách”; caithfear éisteacht le riachtanais ar leith an fhostaí, iad a thuiscint, agus caithfear bearta oiriúnacha a fhiosrú agus a thriail i gceart sula ndiúltaíonn an fostóir dóibh. Bhíomar an-sásta ionadaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil do Mary Tracy sa chás tábhachtach comhionannais seo agus bhí áthas orainn gur chuir a fostóir nua a moltaí i bhfeidhm i dtaobh bearta oiriúnacha freastail dá míchumas.”Maidir leis na cinntí a rinneadh anois, dúirt Mary Tracy:
“Cuirim an-fháilte roimh chinneadh an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Bhí an-díomá orm faoi chinneadh EDCO mé a bhriseadh as mo phost, agus as a dteip plé i gceart liom faoi fhreastal réasúnta a dhéanamh orm. Ba thréimhse an-strusmhar, choscrach agus dheacair í dom. Cuireadh in iúl dom nach raibh aon mhaith liom, d’ainneoin a ndearcaidh gur shócmhainn luachmhar mé sa chuideachta. Ní raibh aon fhadhb riamh leis an gcaoi a ndearna mé an post; ba é mo mhíchumas an t-aon fhadhb a bhí acu liom. Tá mé an-bhuíoch go ndearna an tOifigeach Breithnithe an cinneadh seo, agus creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn fostóirí ag plé i gceart le fostaithe faoi fhreastal réasúnta.”CRÍOCH/ Is féidir teacht ar na cinntí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. ADJ-00046740: https://www.workplacerelations.ie/en/cases/2025/january/adj-00046740.html Discrimination on grounds of disability re: reasonable accommodation in employment ADJ-00048355: https://www.workplacerelations.ie/en/cases/2025/january/adj-00048355.html Discrimination on grounds of disability re: dismissal from employment Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Carol Hunt 01 8592656 / 087 4687760 carol.hunt@ihrec.ie Lean muid ar twitter @_IHREC