Léim go dtí an t-ábhar

Bunóidh aontú sásra do dhaoine atá faoi mhíchumas le gearáin aonair a chur faoi bhráid na Náisiún Aontaithe chun cearta a éileamh.

D’fháiltigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) inniu roimh thiomantas an Rialtais d’aontú don Phrótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (‘CRPD’). I ndiaidh a aontaithe, beidh bealach ag daoine atá faoi mhíchumas gearán a chur faoi bhráid na Náisiún Aontaithe go díreach chun a gcearta a éileamh. D’éiligh an Coimisiún gan staonadh, i dteannta Eagraíochtaí do Dhaoine Faoi Mhíchumas, ar an Stát an Prótacal Roghnach a dhaingniú. Cé gur shínigh an Stát CRPD in 2007 agus gur dhaingnigh sé é in 2018, níor dhaingnigh sé an Prótacal Roghnach. Tá Éire ina heisceacht idirnáisiúnta dá bharr sin, agus tá míchumas ar an gcúis is mó fós a dtéann daoine i dteagmháil leis an gCoimisiún faoina gcearta. Cé gur céim thábhachtach é fógra an lae inniu i dtreo an Stát a bheith ag comhlíonadh a oibleagáidí chun cearta daoine atá faoi mhíchumas a chosaint, tá go leor le déanamh fós ag an Stát chun CRPD a chur i bhfeidhm ina iomláine. Áirítear air sin athbhreithniú agus leasú na gcreataí reachtacha, ina measc na hAchtanna Comhionannais, Achtanna EPSEN, an tAcht Meabhair-Shláinte, agus reachtaíocht a chur i láthair a chosnaíonn sách maith daoine atá i mbaol agus/nó a mbaintear a saoirse díobh. Tá rannpháirteachas bríoch le daoine faoi mhíchumas agus Eagraíochtaí Daoine Faoi Mhíchumas lárnach san obair sin, mar phríomhcholún de straitéis forfheidhmithe CRPD. Inár ról mar an Sásra Neamhspleách Faireacháin faoi Airteagal 33 de CRPD, agus le tacaíocht ár gCoiste Chomhairligh ar Ghnóthaí Míchumais, leanfaidh an Coimisiún i mbun faireachán agus tuairisciú ar chur i bhfeidhm CRPD ina iomláine sa Stát, ag tabhairt éifeacht iomlán do chearta daoine faoi mhíchumas faoin gCoinbhinsiún seo. Dúirt Deirdre Malone, Stiúrthóir an Choimisiúin:
“Fáiltímid roimh fhógra an Rialtais inniu faoin bPrótacal Roghnach, agus áitímid ar an Rialtas tiomantas a thabhairt go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Lá cinniúnach é seo do dhaoine atá faoi mhíchumas, agus molann an Coimisiún a n-obair ollmhór i gcaitheamh na mblianta chun muid a thabhairt chomh fada leis seo.”
CRÍOCH/ Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 852 9641 / 087 468 7760 sarah.clarkin@ihrec.ie Lean muid ar twitter @_IHREC