Léim go dtí an t-ábhar
D’fháiltigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, mar Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, inniu roimh rith an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2023 tríd an Seanad inniu. Déanfaidh an reachtaíocht, den chéad uair, próiseas aitheantais agus tacaíochta le haghaidh íospartaigh na gáinneála a chur i ndlí. Is céim thábhachtach agus shuntasach í an reachtaíocht seo chun Sásra Náisiúnta Atreorúcháin atá dírithe ar íospartaigh a chinntiú le haghaidh Íospartaigh amhrasta Gáinneála. Tá an tAcht seo ar an gcéad cheann dá leithéid san Eoraip, agus tabharfar cosaint níos fearr do chearta íospartach a ndearnadh gáinneáil orthu leis. Is suntasach go n-aithnítear san Acht saineagraíochtaí neamhrialtasacha mar ‘chomhpháirtithe iontaofa’ agus is athchóiriú suntasach agus dearfach é an próiseas aitheanta ilghníomhaireachta. Fáiltíonn an Coimisiún freisin roimh an bpróiseas achomhairc atá sa reachtaíocht, chomh maith leis an ngnás dhá chéim (brath agus aithint) a thacaíonn le cúnamh luath a sholáthar. Is tábhachtach freisin fáilte a chur roimh na forálacha le haghaidh daoine ag a bhfuil cumas laghdaithe toiliú a thabhairt agus le haghaidh páistí sa phróiseas aitheantais; toimhde na mionaoise – de réir chaighdeáin an Aontais Eorpaigh; agus an t-aistriú ón tástáil bhreise ‘creidiúnachta’ a gcuirtear fáilte roimhe. Ach sonraíonn an Coimisiún go bhfuil roinnt cosaintí riachtanacha fós in easnamh sa reachtaíocht. Ag meabhrú gur ar mhaithe le híospartaigh a aithint agus le cabhrú leo araon é an sásra, d’éiligh an Coimisiún arís eile go dtabharfaí níos mó sonraí faoin gcúnamh agus faoi na tacaíochtaí sa reachtaíocht. Tá imní orainn fós gur fágadh an iomarca ceisteanna tábhachtacha faoin gcúnamh le soláthar trí bheartas bog. Bunphrionsabal de Shásra Náisiúnta Atreorúcháin is ea go gcaithfidh sé dul i bhfeidhm go comhionann ar gach íospartach, beag beann ar a náisiúntacht, stádas imirce, nó ar a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta atá ar feitheamh. Ach d’fhéadfadh an cinneadh gan bearta a bhaineann le himirce a chumhdach i reacht an bonn a bhaint de chóir chomhionann na n-íospartach. Tá sé tábhachtach go mbeadh an rochtain chéanna ag gach íospartach ar an Sásra Náisiúnta Atreorúcháin. Anuas air sin, meabhraímid freisin gur mhol an Coimisiún go láidir go ndéarfaí go soiléir sa reachtaíocht faoin Sásra Náisiúnta Atreorúcháin nach bhfuil cúnamh ná tacaíochtaí ag brath ar chomhoibriú le himscrúduithe agus nósanna imeachta coiriúla. Cé go bhfáiltímid roimh na forálacha méadaithe le haghaidh íospartaigh ar páistí iad agus gur cuireadh toimhde na mionaoise leis, tá imní orainn fós faoin ngá atá le próiseas aitheantais do pháistí go sonrach agus nach bhfuil aon mheasúnú ar mheastóireacht ar aois sa reachtaíocht. Tá imní orainn, d’ainneoin gur tharraing an Coimisiún aird ar an ngá atá leis, nach bhforáiltear sa reachtaíocht d’aon chineál cosanta reachtúla ar ionchúiseamh íospartaigh na gáinneála ar dhaoine – sa chas go ndearna an duine coir mar iarmhairt dhíreach ar a ngáinneáil. Tá an Coimisiún fós ag moladh freisin go dtabharfaí na cosaintí céanna a fhaigheann íospartaigh éignithe agus cionta ionsaithe ghnéasaigh i dtrialacha coiriúla d’íospartaigh a ndearnadh gáinneáil orthu chun dúshaothrú gnéasach a dhéanamh orthu. Dúirt Stiúrthóir an Choimisiúin, Deirdre Malone:
“Is céim thábhachtach í an reachtaíocht seo i dtreo cosaint agus cúnamh a thabhairt do mharthanóirí-íospartaigh na gáinneála chun tacú lena dtéarnamh ón gcoir uafásach seo. Ach is ann do bhearnaí fós. D’fhéadfadh an Sásra Náisiúnta Atreorúcháin athrú ó bhonn a chruthú d’íospartaigh/mharthanóirí. Caithfimid rochtain chothrom do chách a chinntiú.”

Nótaí don Eagarthóir:

Glacadh céimeanna riachtanacha nuair a thug an reachtas tús áite don reachtaíocht seo agus nuair a foilsíodh an Tríú Plean Gnímh Náisiúnta chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Is suntasach freisin na hathruithe le deireanaí in Athmhúnlú na Treorach ón Aontas Eorpach maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, atá ceangailteacht ar an Stát, agus a léiríonn caighdeán nua feabhsaithe don fhreagairt ar gháinneáil ar dhaoine go ginearálta, agus d’aithint íospartach agus cúnamh d’íospartaigh go háirithe. Déanfaidh an Coimisiún dlúthbhreathnóireacht ar mar a chomhlíonann an Stát na caighdeáin sin, i bhforbairt Threoirlínte Oibríochta an tSásra Náisiúnta Atreorúcháin agus mar a tharlaíonn trasuí dhlí an Aontais Eorpaigh go luath amach anseo.