Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (an Coimisiún) ag iarraidh ar fhostóirí ar fud na hÉireann leas a bhaint as cáilíochtaí, taithí agus scileanna suntasacha na ndaoine atá ag iarraidh tearmainn in Éirinn chun a ngnóthaí a fhás agus a fhorbairt.
Foilsíodh treoir nua ón gCoimisiún inniu, le tacaíocht ó Ghrúpa Fostóirí Gnó na hÉireann, Ibec, agus an Comhlacht Ionadaíochta Ceardchumainn, ICTU, agus tugtar faisnéis inrochtana shoiléir sa treoir faoi fhostú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta – daoine atá ag iarraidh tearmainn. Cuireadh an foilseachán sin i dtoll a chéile trí Choiste Comhairleach an Choimisiúin d’Oibrithe agus d’Fhostóirí.
Seoltar an leabhrán dar teideal “Employing International Protection Applicants” ar an Lá Idirnáisiúnta um Chearta an Duine. Gach bliain ar an 10 Nollaig, déanann an domhan ceiliúradh ar an Lá um Chearta an Duine, mar cheiliúradh ar chomóradh an lae in 1948 ar ghlac na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.
Leagtar amach sa treoir nua:
- An tionchar a bhíonn ag stádas cosanta idirnáisiúnta duine ar a n-infhostaitheacht.
- Samplaí agus taithí ó ghnóthaí atá lonnaithe in Éirinn, ar nós na cuideachta forbartha bogearraí Zartis, agus Deloitte Ireland.
- Na treoirlínte d’fhostóirí a fhostaíonn iarratasóirí.
- Céard is Cead Rochtana ar an Margadh Saothair ann, an chuma a bhíonn air agus an chaoi a n-éascaíonn sé rochtain ar fhostaíocht, féinfhostaíocht agus gairmoiliúint.
- Naisc chuig na foirmeacha a theastaíonn chun duine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta a fhostú, agus mínithe ar na foirmeacha sin.