Léim go dtí an t-ábhar
D’fhógair Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) inniu go bhfuil sé beartaithe ag a Phríomh-Choimisinéir, Sinéad Gibney, éirí as, le héifeacht ón 15 Márta. Beidh Sinéad ag lorg ainmniúchán mar iarrthóir toghcháin i mí an Mheithimh. Ba mhaith leis an gCoimisiún buíochas a ghabháil le Sinéad as an méid a rinne sí ina post mar Phríomh-Choimisinéir, agus mar chéad Stiúrthóir na heagraíochta, agus guímid gach rath uirthi sa todhchaí. Dúirt Sinéad Gibney, an Príomh-Choimisinéir:
“Ba mhór an phribhléid dom oibriú san IHREC. Creidim go diongbháilte sa tábhacht a bhaineann le comhlacht láidir um chearta agus comhionannas a oibríonn chun Éire chóir agus ionchuimsitheach a bhaint amach. Táim lánchinnte go leanfaidh IHREC ar aghaidh ag fás agus ag forbairt agus ag freastal ar mhuintir na hÉireann chun a shainordú a bhaint amach. Tá mé ag súil go mór anois le tús a chur le ré nua de mo ghairm féin.”
Ní eiseoidh IHREC, ná Sinéad, aon ráiteas eile. CRÍOCH/