Fáiltíonn an Coimisiún roimh chomhaontú Sigmar Recruitment agus Staffline Recruitment tabhairt faoi athbhreithnithe comhionannais
D’fhógair Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) inniu gur bhain sé leas as a chumhachtaí dlí, faoi alt 32(1)(a) d’Acht IHREC, 2014, chun iarraidh ar dhá ghníomhaireacht earcaíochta, Sigmar Recruitment Consultants Limited (‘Sigmar Recruitment’) agus Staffline Recruitment (ROI) Limited (‘Staffline Recruitment’), tabhairt faoi athbhreithnithe comhionannais ar a seirbhísí faoi seach. Ghlac an dá chuideachta leis sin. Faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004, is féidir leis an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhísí Poiblí ceadúnais a bhronnadh ar chomhlachtaí poiblí chun gur féidir leo tabhairt faoina n-earcaíocht féin. Is féidir leis na comhlachtaí poiblí sin cabhair a iarraidh ansin ar ghníomhaireacht earcaíochta san earnáil phríobháideach leis na cúraimí a bhaineann leis na próisis earcaíochta. Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, caithfidh fostóir ‘bearta cuí’ a thógáil chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas sa lucht saothair. Áirítear leis sin oibleagáid a chinntiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun a chur ar chumas duine atá faoi mhíchumas comhdheiseanna a fháil nuair a chuireann siad isteach ar obair. Baineann an oibleagáid sin le gníomhaireachtaí fostaíochta agus éilítear ar ghníomhaireacht fostaíochta ‘bearta cuí’ a thógáil má theastaíonn ó dhuine atá faoi mhíchumas úsáid a bhaint as aon seirbhís a sholáthraíonn an ghníomhaireacht fostaíochta chun fostaíocht a rochtain, nó má bhaineann siad úsáid aisti. D’iarr an Coimisiún ar Sigmar Recruitment agus Staffline Recruitment araon tabhairt faoi athbhreithniú comhionannais ar inrochtaineacht a bpróiseas earcaíochta le haghaidh róil státseirbhíse agus róil seirbhíse poiblí le haghaidh iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc, go háirithe i gcás soláthar foirmeacha iarratais le haghaidh post agus trialacha mianaigh. Mar chuid dá n-athbhreithnithe comhionannais, d’iarr an Coimisiún ar gach gníomhaireacht go háirithe:- Tabhairt faoi iniúchadh ar an leibhéal comhionannais deiseanna atá ar fáil d’iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc in earcaíocht ról státseirbhíse agus ról seirbhíse poiblí;
- Na cleachtais, nósanna imeachta nó cúinsí eile (straitéisí, pleananna agus tionscnaimh gníomhaíochta dearfaí, mar shampla) ar fad atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bhaineann le hearcaíocht ról státseirbhíse agus ról seirbhíse poiblí le haghaidh iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc a shainaithint;
- Measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcleachtas, na nósanna imeachta agus na gcúinsí eile sin maidir le hearcaíocht ról státseirbhíse agus ról seirbhíse poiblí agus an comhionannas deiseanna d’iarrthóirí poist ar a bhfuil lagú radhairc; agus
- Breac-chuntas a thabhairt ar aon mholtaí agus/nó torthaí ón athbhreithniú comhionannais.
“Earnáil státseirbhís agus phoiblí éifeachtach agus eolach, a bhfuil d’aidhm léi freastal ar mhuintir uile na hÉireann, caithfidh sí an tsochaí ar a bhfreastalaíonn sí a léiriú, de gach cineál. Ba cheart daoine atá faoi mhíchumas, iad siúd ar a bhfuil lagú radhairc ina measc, a spreagadh le páirt a ghlacadh sna hearnálacha. Is deis thábhachtach iad athbhreithnithe comhionannais d’eagraíocht chun machnamh a dhéanamh ar a córais agus a cleachtais, agus chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal comhionannais deiseanna laistigh den eagraíocht sin agus an chaoi ar féidir léi feabhas ar chomhionannas deiseanna a chur chun cinn a shainaithint. Fáiltímid roimh thoilteanas Sigmar Recruitment agus Staffline Recruitment páirt a ghlacadh sa phróiseas seo.”Toisc gur cuireadh tús leis an bpróiseas sin, ní bheimid ag trácht air seo níos mó. CRÍOCH/ Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide, 01 859 2641 / 087 468 7760 Sarah.Clarkin@ihrec.ie Lean muid ar twitter @_IHREC