Léim go dtí an t-ábhar
Statement

Fáiltíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas roimh an mbreithiúnas tábhachtach inniu ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, maidir le freagracht an Stáit as iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.

Baineann an breithiúnas le caingne os comhair na hArd-Chúirte ag beirt iarratasóirí in aghaidh na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ina líomhnaítear sáruithe ar a gcearta de réir na Treorach maidir le Dálaí Glactha agus de réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Is díol suntais gur deimhníodh sa bhreithiúnas nach mór do gach Ballstát san Aontas Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

“dálaí glactha d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta a ráthú lena n-áirithítear caighdeán maireachtála leormhaith”

agus leis sin,

“nach mór a áireamh ar na dálaí sin riachtanais bhunúsacha, lena n-áirítear cóiríocht oiriúnach, agus sláinte coirp agus meabhairshláinte na ndaoine lena mbaineann a chosaint.”

Tá sé soiléir ó dhlí an Aontais Eorpaigh freisin nach féidir le hÉirinn leas a bhaint as an leithscéal go bhfuil ganntanas tithíochta ann mar údar lena mainneachtain chun an dlí a chomhlíonadh agus foráil a dhéanamh maidir le riachtanais bhunúsacha.