Fáiltíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) inniu roimh chinneadh mór an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) ar son a chliaint, Paul Hill, i gcás in aghaidh a fhostóra, an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP). Is cás é a bhaineann le hidirdhealú ar an bhforas míchumais agus teip freastal réasúnta a chur ar fáil.
Tá lagú radhairc ar an Uasal Hill, atá ag obair sa Roinn ó 2012 i leith, agus teastaíonn freastal réasúnta uaidh chun a ról a dhéanamh. Áirítear leis sin teicneolaíocht chúnta ar nós ZoomText, trealamh scáileáin cuí, soilsiú oiriúnach san oifig, agus go dtabharfaí an t-ábhar d’oiliúint agus imeachtaí a bhaineann leis an obair dó roimh ré.
I mí Eanáir 2023, rinne an tUasal Hill gearán, le tacaíocht ó Chomhlachas na Seirbhíseach Uachtarach Stáit agus Poiblí (AHCPS) faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, ag líomhain idirdhealú toisc nach ndearnadh freastal réasúnta air. Chinn CCÁO go raibh idirdhealú á dhéanamh air ó 2012 go 2024, agus bronnadh €30,000 air mar chúiteamh.
In 2024, le linn phróiseas an bhreithnithe, mhol CCÁO go mbunófaí meitheal chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an Uasail Hill. Cé gur tugadh roinnt beart isteach, tá ábhar mór imní ann go fóill. Ina measc sin tá spás oifige i bhfoirgneamh nach bhfuil an chuid eile den fhoireann ann, moilleanna ar chur i bhfeidhm na moltaí eirgeanamaíochta, agus deacrachtaí leanúnacha maidir le hábhair neamh-inrochtana ag oiliúint éigeantach agus imeachtaí oibre eile.
Is díol suntais é go ndearnadh idirdhealú sa Roinn Coimirce Sóisialaí ó tharla gurb é ról na Roinne é Clár Oibre agus Rochtana an Stáit a chur ar fáil (an Ciste um Fhreastal Réasúnta a bhíodh air), a dearadh chun tacú le fostóirí freastal réasúnta a dhéanamh ar fhostaithe.
Dúirt Príomh-Choimisinéir IHREC Liam Herrick:
“Leagtar béim leis an gcinneadh seo ar an dualgas bunúsach atá ar fhostóirí freastal réasúnta tráthúil a chur ar fáil d’fhostaithe atá faoi mhíchumas. Is cúis mhór imní é go ndeachaigh breis agus deich mbliana thart sular tugadh aitheantas agus aghaidh cheart ar na ceisteanna sin. Ní féidir glacadh le hidirdhealú den chineál seo san áit oibre. Is dearbhú tábhachtach é an rialú seo ar chearta agus cuireann sé teachtaireacht shoiléir in iúl d’fhostóirí nach féidir moill a chur ar an gcomhlíonadh agus nach féidir glacadh leis gur rud roghnach é.”
Dúirt Paul Hill:
“Chaith mé breis agus 12 bhliain ag lorg tacaíochtaí sách simplí ionas go bhféadfainn mo phost a dhéanamh. Ní bearta casta ná iomarcach iad seo, ach ba cheart go mbeadh oiriúnuithe bunúsacha i bhfeidhm ón tús ar fad. Cé go bhfuilim sásta leis an toradh, tá sé deacair machnamh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an troid fhada seo ar son aitheantas a fháil do na cearta seo agus go dtacófaí liom.”
Dúirt Leas-Ard-Rúnaí AHCPS, Paul Malone:
“Tá AHCPS an-sásta leis an gcinneadh seo de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, lena gcuirtear teachtaireacht shoiléir chinnte in iúl d’fhostóirí ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí. Ní dualgas roghnach é freastal réasúnta a chur ar fáil do bhaill foirne atá faoi mhíchumas – is riachtanas dlíthiúil morálta é. Thug ár mball Paul Hill faoin gcás seo go cróga tiomanta, agus is léiriú é an rialú seo ar a chearta agus ar an bprionsabal araon, go bhfuil sé tuillte ag gach oibrí go dtacófaí leis a ról a dhéanamh chomh maith agus is féidir leis, beag beann ar an míchumas. Impímid ar gach fostóir de chuid na hearnála poiblí glacadh go dáiríre leis an mbreithiúnas seo agus athbhreithniú a dhéanamh láithreach ar a gcuid polasaithe agus cleachtas a bhaineann le freastal ar bhonn míchumais. Ní fiú dada na briathra deasa sna ráitis chomhionannais mura ngníomhaítear dá réir. Tacóidh AHCPS go láidir le ball ar bith ar a ndéantar idirdhealú nó nach dtacaítear lena gcearta faoin reachtaíocht comhionannais.”