Sheol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) inniu a Ráiteas Straitéise nua le haghaidh 2022–2024 ina sainaithnítear na cúig phríomhthosaíocht a rialóidh obair an Choimisiúin go ceann trí bliana.
Is é seo an tríú Ráiteas Straitéise ón gCoimisiún ó bunaíodh é in 2014, agus chuir próiseas comhairliúcháin le raon daoine aonair, eagraíochtaí agus comhlachtaí ar fud earnáil chearta an duine agus comhionannais in Éirinn bonn eolais faoin Ráiteas.
Cuimsítear ann cuid de na ceisteanna is práinní in Éirinn maidir le cearta an duine agus comhionannas i measc réimsí ar nós tithíochta, idirdhealú, agus neamhionannas geilleagrach.
Sainaithnítear cúig réimse tosaíochta straitéisí an Choimisiúin sa Ráiteas:
- Comhionannas Geilleagrach – Féachfar le comhionannas geilleagrach níos fearr a bhaint amach i dtithíocht, fostaíocht, ioncam agus le haghaidh cúramóirí
- Ceartas – Cosnófar rochtain ar cheartas agus forlámhas an dlí sa chóras cosanta idirnáisiúnta, sna cúirteanna agus in úsáid na gcumhachtaí poiblí, lena n-áirítear tionchar an Bhreatimeachta.
- Meas agus Aitheantas – Cuirfear chun cinn deireadh a chur le ciníochas, cumasachas, aoiseachas agus gnéasachas, trí thuiscint an phobail agus gníomh an Stáit.
- Seasmhacht i Leith na Todhchaí – Freagrófar do ghéarchéimeanna a bhagraíonn ar chearta agus comhionannas, paindéim COVID-19 agus an t-athrú aeráide ina measc.
- Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine – Comhlíonadh dhualgas reachtúil na gcomhlachtaí poiblí a spreagadh, tuairisciú air agus é a fhorfheidhmiú.