D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) tuarascáil nua dar teideal “Child Related Leave: Usage and Implications for Gender Equality.” Scrúdaítear an úsáid a bhaintear as sochair saoire a bhaineann le páistí in Éirinn sa tuarascáil, chomh maith lena n-impleachtaí le haghaidh comhionannas inscne san ionad oibre.
Na Príomhthorthaí
Tarraingítear aird sa tuarascáil ar thorthaí ríthábhachtacha éagsúla:- An Bhearna Ioncaim idir na hInscní: D’ainneoin ardú a bheith ag teacht ar rátaí rannpháirteachais na mban in Éirinn, is ann fós do bhearna shuntasach ioncaim idir na hinscní, a chruthaítear den chuid is mó mar gheall ar rátaí rannpháirteachais níos ísle i measc na mban agus níos mó ban i bhfostaíocht pháirtaimseartha. Tosaíonn an bhearna sin i ndiaidh breith páiste go minic, agus leantar leis i gcaitheamh shaol na mná.
- Beartais Saoire a bhaineann le Páistí: Ba bheart dearfach gur tugadh isteach Saoire Atharthachta agus Saoire do Thuismitheoirí in Éirinn le deireanaí. Ach tá ráta glactha na sochar sin fós íseal, agus ní bhaineann ach thart ar leath na n-aithreacha leas as Saoire Atharthachta agus ní bhaineann ach an ceathrú cuid díobh leas as Saoire do Thuismitheoirí i gcomparáid le dhá thrian de na máithreacha. Íoctar na sochair leasa lena mbaineann ar ráta comhréidh, mar sin is constaicí roimh rátaí glactha suntasacha í an imní a bhaineann le hioncam, chomh maith le noirm san ionad oibre.
- Anailís ar Shonraí Riaracháin: Ag úsáid sampla 10% de na breitheanna ar fad idir 2019 agus 2022, déantar anailís sa tuarascáil ar na saintréithe atá nasctha le ráta glactha na Sochar Atharthachta agus Tuismitheoirí, chomh maith le tréimhse na Saoire Máithreachais íoctha agus gan phá. Léiríonn na torthaí gur mó seans go mbainfeadh aithreacha ar thuarastal níos airde, ar mó an seans go bhfaighidh siad íocaíochtaí breisithe óna bhfostóir, leas as an tSaoire Atharthachta. Bhí an ráta glactha níos airde freisin i measc aithreacha a oibríonn i gcuideachtaí níos mó, áit a bhféadfadh sé a bheith níos éasca teacht ar ionadaí.
- Noirm agus Meonta san Ionad Oibre: Fiosraítear noirm shochaíocha agus meonta san ionad oibre i dtaobh saoire a bhaineann le páistí sa tuarascáil freisin. Léirigh turgnamh suirbhé leibhéil arda tacaíochta do chinntiú go gclúdófaí 100% d’ioncam aithreacha agus iad ar saoire agus go gcuirfí cuid den tsaoire a bhaineann le páistí i leataobh d’aithreacha amháin.
- Toisc go mbraitear ar fhostóirí chun ioncam tuismitheoirí a bhreisiú, tá éagsúlacht mhór sa mhéid den tuilleamh réamhbhreithe a chlúdaítear i rith na saoire toisc go bhfuil difríochtaí móra idir na híocaíochtaí breisithe i measc fostóirí difriúla. Is dóigh go méadódh ráta glactha aithreacha dá méadófaí ráta ionadaithe na sochar Státmhaoinithe chun cion níos mó den tuilleamh a chlúdach.
- Feasacht ar theidlíochtaí saoire a chur chun cinn i measc tuismitheoirí, aithreacha go háirithe, chun rátaí glactha a mhéadú.
- Aghaidh a thabhairt ar noirm agus meonta san ionad oibre a d’fhéadfadh aithreacha a dhíspreagadh ó dhul ar saoire.
“Bíonn mná i mbun i bhfad níos mó cúraim agus obair chúraim, idir íoctha agus neamhíoctha, ná fir, agus tá baint shuntasach aige sin le stádas geilleagrach níos ísle na mban in Éirinn. Chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas leanúnach, struchtúrtha i measc ban agus fear, caithfidh Éire caidreamh nua a aimsiú idir fostaíocht íoctha, obair chúraim agus róil inscne. Léirítear go láidir sa tuarascáil seo an gá atá le scéimeanna saoire a bhaineann le páistí atá éifeachtach agus cothrom i measc na n-inscní, agus cár cheart na hiarrachtaí beartais a dhíriú chun an tionchar is mó a bhaint amach.”Dúirt comhúdar na tuarascála, an Dr Claire Keane ó ESRI:
“Leagann an tuarascáil seo béim ar an tábhacht a bhaineann le beartais saoire a bhaineann le páistí chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne san ionad oibre. Trí na hathruithe beartais molta a chur i bhfeidhm, is féidir le hÉirinn dul chun cinn mór a dhéanamh i gcomhionannas inscne níos fearr a bhaint amach agus tacú le idir mháithreacha agus aithreacha chun cothromaíocht a bhaint amach idir freagrachtaí oibre agus clainne.”CRÍOCH Léigh Child Related Leave: Usage and Implications for Gender Equality Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: An Dr Claire Keane, Ollamh Comhlach Taighde, ESRI claire.keane@esri.ie 086 884 8737 Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 8592641 / 087 4687760 sarah.clarkin@ihrec.ie