Bronntar cearta cainte ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le stádas “A”, an stádas is airde
Bíonn cearta vótála agus cainte ag comhaltaí ag a bhfuil stádas “A” ag comhlachtaí chonarthaí chearta an duine agus comhlachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe
Bhronn na Náisiúin Aontaithe an creidiúnú is airde d’Insitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Dhearbhaigh an Comhaontas Domhanda d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (GANHRI) go bhfuil sé chun an Coimisiún a athchreidiúnú mar Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine i ndiaidh athbhreithniú mion ar obair, éachtaí, neamhspleáchas institiúide agus próisis an Choimisiúin. Treisíonn an t-aitheantas leanúnach sin seasamh intíre agus idirnáisiúnta agus neamhspleáchas institiúide an Choimisiúin, agus thréaslaigh Fochoiste GANHRI um Chreidiúnú an Coimisiún as “iarrachtaí IHREC cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint i bPoblacht na hÉireann agus mhol [sé] don institiúid leanúint leis na hiarrachtaí sin”. Ní bhronntar stádas “A” ach orthu siúd a chomhlíonann Prionsabail Pháras ina n-iomláine agus, dá thoradh air sin, bronntar cearta vótála, cainte agus suí ag comhlachtaí chonarthaí chearta an duine agus comhlachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe. Dhearbhaigh an próiseas athbhreithnithe sin go bhfuil an Coimisiún ag comhlíonadh Phrionsabail Pháras de chuid na Náisiún Aontaithe ina n-iomláine. Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas: “Athdheimhníonn an creidiúnú seo stádas an Choimisiúin mar chomhlacht neamhspleách a bhaineann leas as ár sainordú, cumhachtaí dlí agus guth chun cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. “Cothaíonn an creidiúnú ról an Choimisiúin freisin i measc an líonra idirnáisiúnta de chomhlachtaí idirnáisiúnta um chearta an duine a oibríonn chun cearta a chur chun cinn agus a chosaint ar fud na cruinne.” Críoch Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil le: Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC 01 8589601 / 087 0697095 bdawson@ihrec.ie Lean muid ar twitter, Instagram nó LinkedIn @_IHREC Nótaí do na hEagarthóirí Creidiúnú Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine Déanann an Fochoiste um Chreidiúnú de chuid an Chomhaontais Dhomhanda d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (GANHRI) creidiúnú tréimhsiúil ar Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine. Déantar meastóireacht orthu bunaithe ar Phrionsabail Pháras de chuid na Náisiún Aontaithe; is iad sin na caighdeáin náisiúnta le haghaidh Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint go héifeachtach agus go neamhspleách. Bunaíodh Prionsabail Pháras in 1993 trí rún de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, agus leagtar amach iontu na príomhchritéir nach mór do na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine a chomhlíonadh:- Bunú faoin dlí príomha nó faoin mBunreacht
- Sainordú leathan chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint
- Neamhspleáchas foirmiúil agus feidhmiúil
- Iolrachas, ag déanamh ionadaíocht ar gach gné den tsochaí
- Dóthain acmhainní agus neamhspleáchas airgeadais
- Saoirse chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist um chearta an duine a thagann chun cinn
- Tuairisciú bliantúil ar sheasamh náisiúnta chearta an duine
- Comhoibriú le gníomhairí náisiúnta agus idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta ina measc