Léim go dtí an t-ábhar
Tá Príomh-Choimisinéirí Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine (NIHRC), Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann (ECNI) agus Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) ag bualadh le hoifigigh AE, agus ionadaithe tofa, sa Bhruiséil inniu ag imeacht a dtacaíonn Oifig Feidhmiúcháin Thuaisceart Éireann leis. Roinnfidh na Coimisiúin a dtaithí ar a gcuid oibre go dtí seo mar chuid d’Airteagal 2 de Chreat Windsor i ndiaidh imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus an tábhacht a bhaineann le coibhéiseacht a chothú ar oileán na hÉirinn i dtaobh chaighdeán chearta an duine agus comhionannais.Leagfaidh siad béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht leanúnach agus déanfaidh siad moltaí faoin gcaoi a bhféadfadh AE tacú le cur i bhfeidhm Airteagal 2. Is é seo chéad imeacht dá leithéid agus tá súil ag na Coimisiúin go n-eascróidh plé leanúnach agus tairbheach as. Mar chuid d’Airteagal 2 de Chreat Windsor, thug Rialtas na Ríochta Aontaithe tiomantas do chosaint chaighdeáin áirithe chearta an duine agus comhionannais i dTuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta. Éilítear ‘nach ndéanfar aon mhaolú’ ar chaighdeáin áirithe AE agus áirítear ann dualgas ‘coinneáil bord ar bhord’ le roinnt treoracha comhionannais AE. Cuireadh de chúram ar NIHRC agus ECNI faoi Airteagal 2 maoirsiú a dhéanamh ar thiomantas Rialtas na Ríochta Aontaithe. Oibríonn sí i gcomhpháirt le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas chun monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar na ceisteanna ábhartha um chearta an duine agus comhionannas a bhfuil gné oileán na hÉireann ag baint leo. Ag labhairt dóibh roimh an imeacht, dúirt na trí Choimisiún:
“Fáiltímid roimh an deis bualadh le hoifigigh sa Bhruiséil inniu chun tábhacht Airteagal 2 de Chreat Windsor a phlé. Bhí cruinnithe an-dearfach idir na Coimisiúin agus an Coimisiún Eorpach le blianta beaga anuas maidir lenár gcomhról faoi Airteagal 2 agus tá imeacht na seachtaine seo ag forbairt na teagmhála sin. “Agus muid ag déanamh ár ndíchill caighdeáin comhionannais agus chearta an duine a dhearbhú ar oileán na hÉireann i ndiaidh an Bhreatimeachta, tá obair chomhpháirteach ár dtrí Choimisiún níos tábhachtaí anois ná riamh.  Sular fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, bhí ról tábhachtach ag dlí an Aontais Eorpaigh i gcosaintí chearta an duine agus comhionannais a fheabhsú i dTuaisceart Éireann. Tá cearta an duine agus comhionannas fós conspóideach i dTuaisceart Éireann agus táimid taobh thiar den Bhreatain agus d’Éirinn i réimsí éagsúla. Dá bhrí sin, cuirtear an-fháilte roimh an nasc leanúnach le híoschaighdeáin AE de bharr Airteagal 2. As seo amach, mholaimis don Choimisiún Eorpach an ról féideartha atá aige fós a aithint, trí dhlí AE amach anseo, chun cearta comhionannais a neartú do dhaoine anseo i dTuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta.  D’fháiltímis freisin roimh rannpháirtíocht níos struchtúrtha augs rialta leis an gCoimisiún Eorpach agus páirtithe leasmhara comhionannais agus chearta an duine i dTuaisceart Éireann lena n-áirítear mná, daoine eitneacha mionlaigh, oibrithe imirce, pobail teorann agus daoine faoi mhíchumas. “Táimid ag súil le leanúint ag obair lenár gcomhpháirtithe AE chun cosaint chearta gach duine ar oileán na hÉireann a chinntiú.”
  CRÍOCH/