Léim go dtí an t-ábhar

Is dóigh go bhfuil líon na n-íospartach gáinneála AE “i bhfad níos airde” ná mar a thugann na sonraí le fios

D’fháiltigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) inniu roimh an gCúigiú Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach (AE).  Thug IHREC a dhara hionchur don Choimisiún Eorpach mar Rapóirtéir Náisiúnta i mí Feabhra 2024, don tréimhse 2021–2023. Léirigh an Coimisiún Eorpach gur mhéadaigh líon na n-íospartach cláraithe san Aontas Eorpach 20.5% idir 2021 agus 2022, agus gur saoránaigh neamh-AE iad formhór na n-íospartach (54%).  Cé gur féidir an méadú sin a nascadh le brath níos fearr na n-íospartach, léirítear sa tuarascáil gur dóigh go bhfuil fíor-líon na n-íospartach i bhfad níos airde ná mar a thugann na sonraí le fios, toisc nach ngabhtar sna staitisticí ach íospartaigh a cuireadh in aithne do cheann de na heintitis clárúcháin, agus go bhfuil go leor íospartach fós nár braitheadh. Léiríodh i dtaighde an Choimisiúin faoinár sainordú mar Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc go raibh méadú 20% in 2023 ar íospartaigh aitheanta in Éirinn ó 2021 agus 26% ó 2022, ardú suntasach a tharla i dtréimhse sách gearr. Léiríonn an Coimisiún Eorpach gur náisiúnaigh tríú tír ab ea iad 54% de na híospartaigh AE chláraithe. In Éirinn, in 2023, ba náisiúnaigh tríú tír iad os cionn 80% de na híospartaigh aitheanta. Ba pháistí iad beagnach an cúigiú cuid de na híospartaigh chláraithe ar fad san Aontas Eorpach (19%).  As na híospartaigh ar fad a aithníodh in 2023 in Éirinn, ba pháistí 9%, a léiríonn ráta aitheanta níos ísle i gcomparáid leis an Eoraip, rud ar údar mór imní é. Caithfear tús áite a thabhairt d’aithint íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, páistí ina measc, agus cúnamh a thabhairt dóibh, in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Meastar má dhéantar an Sásra Náisiúnta Atreorúcháin nua a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm i gceart de réir mholtaí an Choimisiúin, beidh sé níos éasca íospartaigh a aithint, agus ba cheart go gcinnteofaí tacaíocht oiriúnach dóibh chun teacht chun cinn, trí chur chuige ilghníomhaireachta. Tá sé riachtanach go mbeidh na Treoirlínte Oibríochta a fhorbraítear chun gabháil leis an Sásra sách láidir chun a chinntiú go gcomhlíontar cearta an duine leis. Caithfear a áitiú nach mbaineann an Sásra le haithint amháin, is sásra é freisin a chaithfidh cúnamh agus tacaíochtaí a sholáthar, mar a luaitear i dTreoir leasaithe an Aontais Eorpaigh maidir le Frithgháinneáil. Caithfear aghaidh a thabhairt ar bhearnaí san Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2024 sna Treoirlínte Oibríochta atá á bhforbairt faoi láthair, go háirithe chun eolas a thabhairt faoi chúnamh agus tacaíochtaí. Tá fadhbanna fós le haicmiú cásanna dúshaothraithe ar pháistí agus bailiú easnamhach sonraí faoi gháinneáil ar pháistí. Is é seasamh an Choimisiúin gur cheart eolas a thabhairt faoi aithint agus cúnamh a bhaineann le páistí sna Treoirlínte Oibríochta chun go gcomhlíonfadh an Stát a oibleagáidí i leith ár n-íospartach is leochailí. Dúirt an Príomh-Choimisinéir Liam Herrick:
Tá gáinneáil ar dhaoine fós ar an tionscal coiriúlachta is tapa fás ar domhan. Coir uafásach í, a dhíríonn ar na daoine is leochailí sa tsochaí, agus coir a bhfuil oibleagáid mhorálta agus pholaitiúil orainn troid ina coinne le gach uirlis a theastaíonn. Cé go raibh an Stát forásach in athbhreithniú an tSásra Náisiúnta Atreorúcháin le cur chuige ilghníomhaireachta, tá sé riachtanach anois go mbeadh na Treoirlínte Oibríochta a ghabhann leis an sásra sin oiriúnach, íogair agus go gcinntíonn siad go meastar riachtanais gach íospartach, páistí ina measc.”
CRÍOCH/

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá fáil ar Chúigiú Tuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach ar:  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52022DC0736 Léigh an Tríú Tuarascáil Náisiúnta Frith-Gháinneála ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas mar Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc. Léigh Contribution to the European Commission’s 5th Progress Report on the Fight against Trafficking in Human Beings in the European Union ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas mar Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc.   Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Carol Hunt 01 8592656   / 087 4687760 carol.hunt@ihrec.ie   Lean muid ar twitter @_IHREC

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.