Is taighdeoir, acadóir, agus gníomhaí as Port Láirge í Aoife. Tá sí ag obair i dtreo a PhD a chur isteach ag an Ionad um Dhlí agus Beartas Míchumais in Ollscoil na Gaillimhe. Díríonn a PhD ar chomhghuaillíochtaí idir gluaiseachtaí sóisialta trí scrúdú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mban faoi mhíchumas i ngluaiseacht na mban agus na ndaoine faoi mhíchumas. Mar bhall de Disabled Women Ireland, tá dúshuim aici sa mhéid a bhíonn i bpáirt ag cúrsaí míchumais agus inscne. Le deich mbliana anuas, bhí Aoife ina tacadóir gníomhach ar son daoine faoi mhíchumais shíceasóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is comhalta í den Ghrúpa Páirtithe Leasmhara um Míchumas de chuid an Rialtais, a oibríonn chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas rialtais i réimse an mhíchumais. D’oibrigh Aoife roimhe seo leis an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus leis an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha in Éirinn. Bhain sí céim MSc amach sa Taighde Sóisialta Feidhmeach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Baitsiléir Ealaíon sa Pholaitíocht agus Caidreamh Idirnáisiúnta ó Ollscoil Luimnigh.