Is taighdeoir, gníomhaí ar son comhionannas inscne agus tacadóir ar son chearta an duine í an Dr Salome Mbugua. Is í bunaitheoir agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin AkiDwA – Líonra na nImirceach Ban í agus tá taithí os cionn fiche bliain aici ar oibriú le grúpaí faoi ghannionadaíocht, go háirithe mná, páistí agus an t-aos óg, san Eoraip, san Afraic agus go hidirnáisiúnta. Ó 2015 i leith, tá sí ag tacú le forbairt Wezesha, eagraíocht forbartha faoi stiúir Dhiaspóra na hAfraice a thacaíonn le mná agus páistí a raibh tionchar, nó ar dócha go mbeidh tionchar, ag coimhlintí, foréigean, cogaíocht agus bochtaineacht orthu, le treoirthionscadail sa Chéinia agus i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Tá Salome ina cathaoirleach ar Líonra Eorpach na nImirceach Ban agus suíonn sí ar Ghrúpa Saineolaithe an Aontais Eorpaigh ar Imirce Eacnamaíoch.