Is dlíodóir, tacadóir dlíthíochta agus bainisteoir í Noeline Blackwell a bhfuil taithí leathan aici ar chaighdeáin, oibríochtaí, cleachtais agus dúshláin chearta an duine. Tá Noeline ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath ó 2016. Bhí sí ina hArdstiúrthóir (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin) ar FLAC idir 2005 agus 2016. Bhí Noeline ina comhalta ar bhoird eile roimhe seo, ina measc Cónaidhm Idirnáisiúnta Chearta an Duine, Cosantóirí Túslíne, Comhairle Inimirceach na hÉireann, agus Amnesty International Éireann.