Léim go dtí an t-ábhar
Statement

Ba mhaith le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas buíochas ó chroí a ghabháil leis an Uachtarán Michael D. Higgins agus Sabina Higgins agus iad ag críochnú 14 bliana seirbhíse dár dtír.

Le linn a Uachtaránachta, bhí an tUachtarán Higgins ina ghlór cumhachtach ar son comhionannais agus cearta an duine, agus ar son an cheartais shóisialta agus an chuimsithe, ag cur béime go seasta ar dhínit agus ar luach gach duine i sochaí na hÉireann. Chuir sé luachanna agus prionsabail chearta an duine agus an cheartais shóisialta i bhfeidhm ar gach ceann de phríomhthéamaí a uachtaránachta, lena n-áirítear saincheisteanna an chomórtha, na hóige agus na hinbhuanaitheachta.

Léirigh a cheannaireacht creideamh domhain i luachanna na comhbhá, na dlúthpháirtíochta agus an mheasa, luachanna atá i gcroílár chreat chearta an duine agus an chomhionannais in Éirinn.

Tá an tUachtarán Higgins agus Sabina Higgins tar éis Éirinn a ionadú le paisean, daonnacht, teas agus ionracas, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon. Léirigh siad i gcónaí tiomántas dochloíte chun Éirinn níos cothroime agus níos cuimsithí a thógáil, ceann a ghlacann le héagsúlacht agus a lorgaíonn ceartas do chách.

Míle buíochas leat a Uachtaráin agus a Sabina.