Cuireann an Coimisiún cearta LADTAI+ chun cinn go poiblí feadh Bhealach Pharáid an Bhróid
Sheol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) feachtas fógraíochta digiteach aon lae faoin spéir a bheidh le feiceáil ag stadanna bus feadh bhealach Pharáid an Bhróid 2025 ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá fógraíocht curtha in áirithe againn freisin ar scáileáin Lárchathair Bhaile Átha Cliath, agus sna príomhionaid LDAAT, iad sin ag a bhfuil imeachtaí Bróid á n‑óstáil acu ina measc.
Is é “Is Linne Uile Cearta LADTIÉ+” an phríomhtheachtaireacht atá á cur chun tosaigh, agus tríd an bhfeachtas dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla seo déantar deich mbliana a chomóradh ó bhí Éire ar thús cadhnaíochta sa domhan mar an chéad tír chun vóta a chaitheamh ar son comhionannas pósta, agus déantar deich mbliana a chomóradh leis freisin ó ritheamar reachtaíocht chun Inscne a Aithint.
Bhí an dá cheann acu araon ina n‑éachtaí cinniúnacha ar cheart dúinn a bheith bródúil astu. Ar feadh na tréimhse sin, in Éirinn agus i bhformhór na hEorpa, rinneadh athrú reachtach dearfach i réimsí a théann i bhfeidhm ar shaol daoine LADTA+. I roinnt mhaith tíortha, tá comhionannas pósta dlíthiúil agus glactar leis go sóisialta, agus is féidir le daoine LADTA+ maireachtáil inniu i sochaí atá i bhfad níos caoinfhulangaí ná mar a bhí sna glúnta roimhe sin.
Mar sin féin, tagann cuid mhór cineálacha idirdhealaithe roimh dhaoine LADTAI+ fós ina saol laethúil. Is féidir le heisiamh, ciapadh agus cóir is lú fabhar in arduithe céime agus coinníollacha oibre tarlú fós. Ina theannta sin, tá foréigean agus coireanna fuatha in aghaidh daoine LADTA+ ina n‑ábhar imní mór, agus tá na leibhéil a thuairiscítear níos airde ná na leibhéil a fhulaingíonn an pobal i gcoitinne.
Tá sé de dhualgas orainn uile cuimhneamh air gur féidir le cearta a shaothraíomar go crua a aisiompú chomh héasca sin.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Liam Herrick:
“Inniu, níos mó ná riamh, is gá dúinn ár dtacaíocht a thaispeáint go poiblí do chearta ár bpobail LADTAI+ uile chun maireachtáil faoi shaoirse agus go cothrom i dtír gan réamhchlaonadh nó idirdhealú. Is eol dúinne in IHREC gur féidir le hÉirinn leanúint de bheith i dtús cadhnaíochta maidir le cearta LADTAI+, ní hamháin sa bhaile ach ar fud na hEorpa agus na cruinne. Agus is sa spiorad comhionannais agus dóchais sin a dhéanaimid Bród 2025 a cheiliúradh de réir mar a leanaimid de bheith ag obair le chéile ar son ceartais, saoirse agus comhionannais do gach ball den pobal LADTAI+ i ngach cearn den domhan.”