Deiseanna Gairme
Ardfheidhmeannach Dlí Sa Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Chomhionannas
Tá an Coimisiún anois ag lorg duine atá cáilithe go cuí agus tiomanta chun ról an Ardfheidhmeannach Dlí.
Tá folúntas amháin ann faoi láthair a úsáidfear le post Bainisteoir Seirbhíse Faisnéise Do Chearta CÉCDC a líonadh. Tá Do Chearta (Your Rights) mar chuid den Fhoireann Dlí ach ní cuid de chleachtas dlí an Choimisiúin é. Is féidir aon iarrthóir a chuirtear ar an bpainéal a shannadh do dhualgais eile AFD laistigh de CÉCDC, áfach.
Is féidir sonraí iomlána an ról a fháil i leabhrán eolais an iarrthóra.
Is é Osborne Recruitment a bheidh i gceannas ar an gcomórtas seo thar ceann Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus is féidir aon fhiosruithe a sheoladh chuig ihrec@osbourne.ie.
Tá labhrán eolais an iarrthóra agus na foirmeacha iarratais ar fáil ag an nasc seo a leanas:
https://osborne.ie/ihrec-employment-opportunities/
Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Céadaoin, an 12 Aibreán 2023 ag 1.00 i.n
Táimid tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais faoi na naoi bhforas go léir den Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Earcaíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas faoi ceadúnas ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus eagraítear gach comórtas earcaíochta de réir An Cód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Poiblí.
Déantar an earcaíochta ar fad le cúnamh ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) nó le gníomhaireacht earcaíochta liostaithe eile. Is fostóir comhionannas deiseanna é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.