Chearta An Duine Agus Comhionannas - Bainisteoir Faisnéise Poiblí (Príomh-Oifigeach Cúnta) le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Tá IHREC anois ag lorg duine atá cáilithe agus tiomanta go cuí chun glacadh le ról an Bhainisteora Faisnéise Poiblí ag grád Príomh-Oifigeach Cúnta.
Is féidir sonraí iomlána an ról a fháil i leabhrán eolais an iarrthóra.
Is é Osborne Recruitment a bheidh i gceannas ar an gcomórtas seo thar ceann Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus is féidir aon fhiosruithe a sheoladh chuig ihrec@osbourne.ie.
Tá labhrán eolais an iarrthóra agus na foirmeacha iarratais ar fáil ag an nasc seo a leanas
Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 13:00 i.n, Dé Luain, 8 Meán Fómhair 2025
Táimid tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais faoi na naoi bhforas go léir den Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Earcaíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) faoi ceadúnas ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus eagraítear gach comórtas earcaíochta de réir An Cód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Poiblí.
Déantar an earcaíochta ar fad le cúnamh ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) nó le gníomhaireacht earcaíochta liostaithe eile. Is fostóir comhionannas deiseanna é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.