An Príomh-Choimisinéir Liam Herrick
Ceapadh Liam Herrick mar Phríomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas i mí na Samhna 2024. Roimhe sin, bhí ról Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Comhairle um Chearta an Duine aige ó bhí 2016 ann. D’oibrigh sé mar Chomhairleoir don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn. Bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil idir 2007 agus 2014. D’oibrigh sé freisin mar an chéad Cheannasaí Reachtaíochta agus Beartais ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine, mar a bhí, agus leis an gCoimisiúin um Athchóiriú an Dlí. Is iarchomhalta de IHREC é (2013–2017) agus bhí sé ina chuid de Ghrúpa an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais um Athbhreithniú Straitéiseach ar Bheartais Choiriúla (2012–2014).