Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine

Dualgas Reachtúil Comhlachtaí Poiblí Idirdhealú a dhíchur; Comhionannas a Chur Chun Cinn; agus Cearta an Duine atá ag a bhFoireann agus na Daoine dá Soláthraíonn siad Seirbhísí a Chosaint.

Tá sé de fhreagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cearta daonna a bhfostaithe, a gcustaiméirí, lucht úsáidte a seirbhísí agus gach duine a dtéann a gcuid beartas agus pleananna i bhfeidhm orthu a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil é sin, ar a dtugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, agus d’eascair sé as Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.


Public Sector Equality and Human Rights Duty

Tá cóip chrua den cháipéis Treorach ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig info@ihrec.ie.

 


Public Sector Equality and Human Rights Duty

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm:

Tá trí chéim i gceist le buncheanglais an Dualgais a chomhlíonadh: Measúnú, Aghaidh a thabhairt ar agus Tuairisciú.

Public Service Duty Wheel
  1. Measúnú

    Éilítear ar chomhlacht poiblí go leagfaí amach ina phlean straitéiseach/corparáideach measúnú ar cheisteanna comhionannais agus chearta an duine atá ábhartha dá chuspóirí agus dá fheidhmeanna, ar bhealach ina mbeidh teacht ag an bpobal air.

  2. Aghaidh a thabhairt ar

    Éilítear ar chomhlacht poiblí go leagfaí amach ina phlean straitéiseach/corparáideach na beartais, pleananna agus gníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a tarraingíodh anuas sa mheasúnú ar chomhionannas agus cearta an duine, ar bhealach ina mbeidh teacht ag an bpobal air.

  3. Tuairisciú

    Éilítear ar chomhlacht poiblí tuairisciú go bliantúil ina thuarascáil bhliantúil ar fhorbairtí agus éachtaí maidir le ceisteanna agus gníomhartha comhionannais agus chearta an duine, ar bhealach ina mbeidh teacht ag an bpobal air.

Úsáideoirí Seirbhíse & an Fhoireann

Cosnaíonn an Dualgas na daoine a gcuireann an comhlacht poiblí seirbhísí ar fáil dóibh agus foireann an chomhlachta phoiblí.

Timthriall na Pleanála Straitéisí

De bharr an cheanglais chun an Dualgas a chomhtháthú i bpleananna straitéiseacha agus tuarascálacha bliantúla, is oibleagáid leanúnach é a chaithfear a mhonatóiriú, a athbhreithniú agus a fhorbairt i ngach timthriall pleanála straitéisí.


Public Sector Equality and Human Rights Duty

Current News

The Commission has published a new guidance note on COVID-19 and the Public Sector Equality and Human Rights Duty.

View guidance note

New tools are now available to assist public bodies in the effective implementation of the Public Sector Equality and Human Rights Duty including:

Tool for an evidence-based assessment of equality and human rights issues

Tool for a consultative approach


Public Sector Equality and Human Rights Duty

Student Bursary Scheme

In 2020, as part of our work in promoting the Public Sector Equality and Human Rights Duty, the Commission has run its fifth year of our bursary scheme for prospective students of the Professional Diploma in Human Rights and Equality at the Institute of Public Administration.

View full details of the scheme


Public Sector Equality and Human Rights Duty

Aistriúchán ar Alt 42, an tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014

(1) Le linn do chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird aige ar an ngá atá leis na nithe seo a leanas—

(a) idirdhealú a dhíbirt,
(b) comhionannas i ndeiseanna a fhoirne agus na ndaoine a gcuireann sé seirbhísí ar fáil dóibh agus sa chaoi a gcaitear leo a chur chun cinn, agus
(c) cearta daonna a chomhaltaí, a fhoirne agus na ndaoine a gcuireann sé seirbhísí ar fáil dóibh a chosaint.

(2) For the purposes of giving effect to subsection (1), a public body shall, having regard to the functions and purpose of the body and to its size and the resources available to it—

(a) a leagan amach ina phlean straitéiseach (cibé tuairisc atá air), ar bhealach ina mbeidh teacht ag an bpobal air, measúnú ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais a chreideann sé atá ábhartha d’fheidhmeanna agus do chuspóir an chomhlachta, agus na beartais, na pleananna agus na gníomhartha atá i bhfeidhm nó a bheartaítear a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin, agus

(b) tuairisciú ar bhealach ina mbeidh teacht ag an bpobal air ar fhorbairtí agus éachtaí ina leith sin ina thuarascáil bhliantúil (cibé tuairisc atá air).

(3) Agus é ag cabhrú le comhlachtaí poiblí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach a thagann le fo-alt (1), is féidir leis an gCoimisiún treoir a thabhairt do chomhlachtaí poiblí, agus iad a spreagadh, le beartais dea-chleachtais agus caighdeáin oibríochtaí i leith chearta an duine agus comhionannais a fhorbairt, agus a chur i bhfeidhm.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh an Coimisiún— (a) treoirlínte a eisiúint, nó (b) cóid cleachtais a ullmhú de réir alt 31, i leith fhorbairt bearta feidhmíochta, caighdeáin oibríochta agus straitéisí coisctheacha scríofa na gcomhlachtaí poiblí chun críocha idirdhealú a laghdú agus cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn i láthair oibre na hearnála poiblí agus i soláthar seirbhísí don phobal.

(5) Má mheasann an Coimisiún go bhfuil fianaise ann gur theip ar chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach a thagann le fo-alt (1) agus bhfuil sé cuí sna cúinsí ar fad sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar chomhlacht poiblí— (a) tabhairt faoi athbhreithniú ar chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an gcomhlacht sin agus aird ar fho-alt (1), nó (b) plean gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna ag an gcomhlacht sin agus aird ar fho-alt (1), nó an dá rud a dhéanamh.

(6) D’fhéadfadh go mbeadh baint ag athbhreithniú nó plean gníomhaíochta faoi fho-alt (5) le— (a) comhionannas deiseanna nó cearta an duine go ginearálta, nó (b) gné shonrach de chearta an duine nó d’idirdhealú, sa chomhlacht poiblí lena mbaineann.

(7) Féadfaidh an Coimisiún, agus, má iarrann an tAire air amhlaidh, déanfaidh sé, athbhreithniú a dhéanamh ar oibríocht fho-alt (1).

(8) Chun críocha cabhrú leis athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (7), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le cibé daoine nó comhlachtaí a mheasfaidh sé is cuí.

(9) Nuair a thugann an Coimisiún faoi athbhreithniú faoi fho-alt (7)— (a) féadfaidh sé, nó (b) má d’iarr an tAire don athbhreithniú, déanfaidh sé, an t-athbhreithniú a thuairisciú don Aire agus áireofar na moltaí a chreideann an Coimisiún atá cuí in aon tuairisc dá leithéid.

(10) Cuirfidh an Coimisiún faoi ndear cóip den tuairisc a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(11) Ní fheidhmeoidh aon ní sa chuid seo aisti féin chun cúis aicsin a thabhairt ar dhuine ar bith in aghaidh comhlacht poiblí i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an gcomhlacht sin faoi fho-alt (1).